|
|

Glaoite chun freastaíl
Cleamhnas naofa atá sa Sagartóireacht. Pósadh síoraí idir an duine, Dia, Íosa Críost agus an Spiorad Naomh atá sa Sacraimint seo. Mar aon le pósadh ar bith caithfear oibriú ar an gcaidreamh idir na páirtithe le guí a dhéanamh. Comhrá doimhin pearsanta, nach mbíonn éasca ach atá ag teastáil an pósadh a choinnéail beo agus sláintiúil.
Go maire sibh bhur nuaíoct agus sliocht sleachta ar shliocht bhur sleachta a deirtear le lánúin nua-phósta. Go maire tú an ola a deirtear le Sagart nua oirnithe. Beannaítear sliocht spioradálta na ndaoine nuair a théann sagart amach le meon agus dearcadh Íosa Críost agus an ola á neartú.
Faigheann an Sagart beathú agus cothú le creideamh, sóláis, fulaingt agus iarrachtaí na ndaoine. Tré lámha an tSagairt tarraingítear le chéile an Pobal i gceiliúradh na hEocairiste agus ceanglaítear le chéile neamh agus talamh sna sacraimintí ar fad, cosáin chun na beatha síoraí. Gura fada buan a bhéas an pósadh naofa seo ag mealladh bhall nua isteach ina dteaghlachh flaithiúil fáilteach.
Fiontán Ó Monacháin (Coláiste Iarfhlatha) |