|
|

Sacraimintí
Creid agus déan dá réir. Creideamh gan bhrí é creideamh gan deá-oibreacha, sé'n bás a dheireadh. Tá an creideamh ag tnúth agus ag súil len é féin a chur in iúl i gcónaí agus i ngach áit. Caithfidh sé anáil a fháil, caithfidh sé dul amach sa saol mór. 'Sé do bharúil féin go bhfuil tú inann treoir a thabhairt do chreidmhigh? Seo í an chaoi lena dhéanamh. Seo obair an tsagairt go bunúsach. Níor fhág Críost gan lón bóthair muid. Thug sé na Seacht Sacraimintí dúinn le haghaidh an aistir. Thug sé uisce dúinn le haghaidh na beatha nua, lámha lena cóineartú, lámha chomh maith le sagairt a oirniú, cuing an phósta le fear agus bean a dhlúthcheangal le chéile, briathra éifeachtacha le peacaí a mhaitheamh agus easláin a ungadh. Agus thug sé dúinn arán na beatha síoraí, fíon agus arán ar b'iad Corp Chríost fhéin iad ach é faoi cheilt iontu. Seo é croí lár na sacraimintí go léir. Comharthaí beo iad na sacraimintí seo, chuile uair dá dtugtar iad tá said dírithe ar an gceann cúrsa. Neartaíonn siad muid le neart Chríost. Tá siad réalach agus éifeachtach dár mbrostú chun cinn gan staonadh i dtreo an chúil.
|