|
|

Mise mar Shagart?
Céard is ceart a dhéanamh má bhraitheann tú go bhfuil gairm na sagartóireachta agat? An rud is simplí ná glaoch ar an uimhir 1850 atá le fáil ar an láithreán gréasáin, nó an website seo. Beidh deis agat labhairt faoin scéal. Ach má tá tú an-chinnte díot fhéin níl ort ach glaoch ar oifig na deoise ag Teach an Ardeaspaig i dTuaim (093-24166). Cibé rogha a dhéanann tú is féidir leat glaoch le linn uaireanta oifige, 9.00 r.n. go dtí 5.00 i.n. ó Luan go hAoine.
An chéad rud a tharlóidh ná go gcasfaidh tú le Rúnaí na Deoise le bun-eolas a thabhairt fút fhéin - aois, cúlra, oideachas, cáilíochtaí, scileanna, buanna, caitheamh aimsire agus araile. Ba mhór an chabhair dá mbeadh CV réitithe agat roimh ré don chruinniú seo. Ag an dtráth seo de do shaol is maith an seans go mbeidh tú ag cuimhniú ar roinnt mhaith rudaí a d'fhéadfá a dhéanamh le do shaol agus bheadh aon fhostóir nua ag súil le eolas den chinéal sin atá luaite.
Má théann tú go dtí an chéim eile beidh ort bualadh le sagart a bhéas oilte le cabhair spioradálta agus treorach a thabhairt duit. Ní gá gur ón Ard-Dheoise seo an duine sin, beidh roinnt eolais aige fút ach beidh tuilleadh eolais ag teastáil. Beidh sé ag iarraidh eolais uait faoi do shaol spioradálta, faoina mianta saoil atá agat, cén sort creidimh atá agat, an mbíonn tú ag guí, an nglacann tú go bhfuil gairm na sagartóireachta agat, cén tuiscint atá agat ar an Eaglais féin, ar do bhallraíocht féin san Eaglais, cén dearcadh atá agat ar an tsagartóireacht?
Ceisteanna crua scannrúil, a déarfá! Ná bíodh drogall ar bith ort. Beidh cabhair, cinéaltas agus tuiscint le fáil agat ach caithfidh muide a fháil amach go cruinn cén sórt duine thú féin, cén saghas dearcadh atá agat ar rudaí - agus tusa a t-aon duine atá in ann é sin a mhíniú i gceart. Cuideoidh an sagart leat do scéal a inseacht. Sin an méid. Nuair a bhéas an comhrá thart, agus le do chead, tabharfaidh sé a thuairisc don Ardeaspag faoin léamh atá aigesan ar an scéal.
Tá go maith agus níl go holc. Má tá suim agatsa agus againne sa scéal seo go fóill iarrfar ort bualadh le beirt shagart agus beirt tuatach, baill de Choiste Ghairme na Deoise, a chuireann comhairle ar an Ardeaspag. Beidh siadsan ag iarraidh pictiúir níos cruinne a fháil díot, labharfaidh siad leat faoina rudaí a bhfuil siadsan ag súil leis ó iarrthóir a bheadh oiriúnach do sagartóireacht. Inseoidh siad duit faoin saol in Ard-dheoise Thuama, agus beidh siad ag iarraidh a fháil amach cén fáth a roghnaigh tú muide agus cén fáth gur sa deoise atá suim agat a bheith i do shagart. Cuirfidh siad ceisteanna agus freagróidh siad ceisteanna. Daoine féaráilte iad a dhéanfas chuile iarracht thú a chur ar do shuaimhneas. Ba cheart go mbeadh siad in ann an-chuidiú a thabhairt duit le do chuid smaointe a chur láthair.
Cuirfidh an grúpa seo a dtuairisc ar aghaidh chuig an Ardeaspag. Idir an dá linn buailfidh tusa le siceolaí a dhéanfas iarracht eolas breise a fháil faoi do shláinte intinne agus faoina bealaí atá leat. Céim thábhachtach i seo freisin mar go mbeidh tuairimí gairmiúla dá chuid fein ag an té sin. Beidh sé ag iarraidh a fháil amach an bhfuil forbairt shásúil intinne déanta agat, an bhfuil an tsaoirse agus an mhisneach agat iad sin a chur i gcrích. Beidh sé in ann comhairle mhaith a chur ort agus le do chead cuirfidh seisean a thuairisc fhéin chuig an Ardeaspag faoin gcomhrá a bhí agaibh.
Ar deireadh thiar beidh cruinniú agat leis an Ardeaspag. Faoin am seo beidh cuid mhaith cloiste aige fút, a bhuíochas sin duitse. Beidh deis mhaith aige cinneadh a dhéanamh faoin scéal agus beidh an deis chéanna agatsa. Rud an-tabhachtach é sin dúinne agus duitse. Má shocraíonn an tArdeaspag gan glacadh le do iarratas ní turas in aisce a bhéas ann duit mar go mbeidh comhairle mhaith faighte agat ar an mbealach. Beidh aithne níos fearr agat ort féin, beidh léargas níos fearr agat ar an rud atá uait sa saol seo agus amharc níos fearr ar an gceann scribe atá amach romhat.
|