|
|

Teachtaireacht Speisialta ó'n Árdeasbaig
Saol álainn é ach saol casta, saol a éilíonn dul sa seans go minic. B'fhéidir gur mórchuid dá áilleacht go gcaithfidh duine dul sa seans. Tá an láithreán gréasáin seo le haghaidh daoine atá sásta dul sa seans, leithéid daoine ar mian leo an breac nár maraíodh a leithéid go dtí seo ina líontáin acu, leithéid Cearrbhaigh. Ní le haghaidh daoine coiméadacha é atá I gcónaí ar a seachaint, ná le haghaidh daoine atá i gcónaí ag meachain na ceiste, ná le haghaidh daoine nach bhfuil sásta dul sa seans, ní bheidh aon suim ag a leithéidí ann.
Ach ar an láimh eile, cá bhfios? Tharlódh sé go dtabharfadh an té sin atá i gcónaí idir dhá cheann na meá faoi deara nach mórán buan a bheadh ar son a shaoil aige mar tá sé, faitíos air roimh chuile scáile ar an mbealach roimhe, é ag dul anon is anal agus gan é ag dul in aon áit. Ach ní fhéadfadh an saol a bheith chomh folamh sin. Caithfidh sé go bhfuil rud éigin níos fearr ann.
Ach céard a thug anseo thú? Ar tháinig tú de thimpist, nó le barr fiosrachta nó leamhais nó ar fhíor-shuim a thug an bealach thú? Is Cuma tá tú anseo. Sin tús. Tá éiginnteacht ag baint leis an gcúinne seo, caithfidh mé a rá teach Cearrbhach lán le daoine atá réidh le dul sa seans. Cúinne beag le rá a déarfadh lucht na hurchóide.
An té ar mian leis a anam a shaoradh caillfidh sé é. Agus an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa gheobhaidh sé é. Comhairle mhaith dhearfa. Comhairle í a dfhéadfá scríobh ar threalamh tharrthála. Thabharfadh máirnéalach nó sléibhteoir an chomhairle chéanna duit. Nuair atá tú i sáinn ní ghoileann imní ná iompar ort. Ní bhíonn am agat le bheith ag cur i gcéill ós comhair an tsaoil. Feiceann tú an sprioc go soléir. Tá a fhios agat cá bhfuil tú ag dul. Ní choinneoidh tada istigh thú. Aon rud. Is beag leat dul i gcontúirt d'anama lena theacht slán. Tá tú sásta aghaidh a thabhairt ar an mbás lena theacht slán. Tá a fhios agat sin.
Tá muidne anseo i gcúinne fós, i sáinn. Nó sin e an chaoi a mbreathnaíonn sé taréis dhá mhíle bliain. Tá tusa níos fearr. B'fhéidir. Thiocfadh dhuit a bheith ceart. Nó b'fhéidir gurb é an difríocht eadrainne agus thusa go bhfuil a fhios againne go bhfuil muid sa gcúinne. Ar aon chuma, seo anseo muid ag an am seo, ag glacadh lenár mbásmhaireacht, sáinnithe sa gcúinne seo. Ach ní fhanfaidh muid ann. Tá muid ag gluaiseacht. Go maith, ach ní díol sástachta fós é, tá muid ag cuartú rud eicínt níos fearr, rud eicínt buan. Chaithfeadh sé go bhfuil breac ann nár rugadh ar a leithéid sa líon fós. Agus má bhlaiseann tú an cineál sin saol tá tú i dtrioblóid. Ní shásóidh tada eile níos lú thú. Éiríonn tú ardnósach. Tugann tú droim láimhe do na cúinní. Déanann tú beag don bhreac nár tógadh a leithéad sa líon go dtí seo.
Agus tuige? Mar cuireann muid ár muinín as an ngeallúint a thug an siúinéir as Nazaret dúinn na céadta bliain ó shin. Tá muid ag fágáil an chúinne. Tá físeanna níos leithne ná an chúinne, sléibhte níos glaise. Níl cúinní anseo ná gaistí, ná léimreach tré fhonsaí leis an dushlán seo a fhreagairt nó an deis a thapú. Céard tá dá bharr againn faoi dheireadh? Pinsean nó gradam beag eicínt. Cnámh le cangailt nó bos láimhe ar do dhroim do do mholadh. Coinnigh do ghradam is do chnámha.
Tá muid ar lorg na beatha. Sin sprioc is fiú le rá. Sagairt Chaitliceacha muide, deisceabail Chríost. Má airíonn tú mar muide, b'fhéidir go gcuimhneofá ar liostáil in arm Chríost An Eaglais Chaitliceach. Más ball den Eaglais cheana thú, bfhéidir go bhféadfá a bheith níos gníomhaí, níos páirtí. Má tá tú gníomhach agus páirteach cheana tuige nach mbeifeá id do chinnire agus tuilleadh raic a tharraingt! Tusa ar thús an airm. Tá gá le cinnirí. Sin í obair an tsagairt ag treorú daoine ar bhealaí éagsúla. Treoraí é téann sé amach i dtreo an chúil.
|