|
|

Stair na hÁrd- dheoise
Síneann Deoise Thuama ó Oileán Acla soir go paráiste An Mhúir agus Chluain Fhada ar bhruach na Sionainne, aistear 120 míle. Sí an deoise is mó sa tír í agus scoilteann an dá Loch - Coirib is Loch Measca - an deoise fhéin ina dhá leath, - an leath ó dheas agus an leath ó thuaidh. Tá an ceantar Gaeltachta is mó sa tír faoi chúram na deoise chomh maith le sé cinn d'oileáin na tíre. Is i ndeoise Thuama chomh maith atá an dá Ionad Oilithreachta is mó sa tír - Cnoc Muire agus Cruach Phádraic. Siad seanadh Cheanannais agus Rath Breasail san dóú céad déag a chuir tús go hoifigiúil le deoise Thuama agus ina dhiaidh sin ghlac sí faoina cúram an dá shean-deoise eile - Eanach Dhúin agus Maigh Eó.
Cé nach raibh deoise Eanach Dhúin ainmnithe mar dheoise i liosta na ndeoisí ag Seanadh Rath Breasail is Cheanannas Mór, mar sin féin mhair sé fós ar feadh roinnt mhaith de bhlianta faoi sciathán Eaglais Mhainistreach Eanach Dhúin. Bhí roinnt d'Easbuig Eanach Dhúin ceaptha idir 1189 agus 1485 d'aon turas ag an gCaibidil mór-Eaglaise in ainneoin a mhalairt d'éileamh ó Thuaim ag an am. Ghlac an Róimh le cuid de na ceapacháin sin. Sa mbliain 1485 nuair a cruthaíodh Bárdas Eaglaiseach na Gaillimhe aontaíodh Eanach Dhúin le Tuaim le hordú an Phápa agus cuireadh roinnt dá pharáistí ar nós Baile Chláir na Gaillimhe, Maigh Cuilinn agus Sruthair isteach leis an mBárdas Eaglaiseach nua go dlíthiúil.
Cé go raibh deoise Mhaigh Eo aitheanta go h-oifigiúil ag an Seanadh i gCeanannas Mór cuireadh deireadh leis sa triú céad déag ach ceapadh Easpaig ansin fiú chomh deireannach leis an séú céad déag. Tá duine de na h-Easbaig chéanna - Pádraig Ó hÉalaí a bhásaigh san mbliain 1589 liostáilte i measc na naomh-mhairtíreach. Aontaíodh an deoise sa deireadh le hordú an Phápa le deoise Thuama sa mbliain 1631.
Ní mar a chéile deoise Thuama is deoise ar bith eile sa tír maidir le leanúnachas a dteorainneacha. Tá paráiste An Mhúir agus Chluain Fhada agus ceantar Chill Mhín i bparáiste Liatroma i ndeoise Thuama le fada cé go bhfuil an péire suite i gceart-lár Dheoise Chluain-Fearta. Tá paráiste Shruthair anois i ndeoise na Gaillimhe suite taobh thoir de Loch Coirib i gceantar tíreolaíochta Thuama. Ba chuid de dheoise Chunga é ó thús. I gConamara theas tá teorainneacha na ndeoisí idir Tuaim agus Gaillimh ina gciseach ceart. Ar do bhealach ó Bholuisce, An Spidéal go Cárna agus ag cur pharáiste an Chillín san áireamh siúlann tú thar an teorainn idir Tuaim is Gaillimh aon uair déag. Tá sé thar a bheith deacair meabhair ar bith a bhaint as a leithéid de shocrú ach b'fhéidir go scalfaidh (a) cúlra na staire, (b) aitheantas tugtha do Ghaillimh mar dheoise san mbliain 1831 (c) dinnseanachas aisteach na n-oileán, na lochanna is na ngóilíní farraige chomh maith le (d) teacht na ndaoine go Conamara theas ag lorg beatha ón bhfarraige sa droch-shaol - go scalfaidh siad sin uile ga solais ar an bhfadhb leis an gceo a scaipeadh. Chomh maith leis sin chuir deoise Eanach Dhúin leis an bhfadhb nuair a ghlac sí seilbh ar chuid den talamh taobh thiar den Choirib. Rinneadh roinnt mhaith iarrachtaí le cúrsaí mar sin a chur ina gceart ar nós an réiteach i 1890 nuair a socraíodh Cill Ainnín a bhabhtáil ó Thuaim go Gaillimh ar leath-pharáiste An Chillín ó Ghaillimh go Tuaim. Ní raibh ach leath réiteach na faidhbe i gceist sa gcás sin agus chuir an t-achrann mór a d'eascair as an socrú sin lag-mhisneach ar dhaoine tabhairt faoi thuilleadh a dhéanamh.
Tá cáil agus meas mór ar na Naoimh seo a leanas i ndeoise Thuama; Iarfhlaith i dTuaim, Feichín i gCunga, Mac Dara i gCárna, Colmán in Inis Bó Fine, Fursa Áth Cinn, Éanna in Árainn, Benen i gCill Bhenein agus Cuana i gCill Chuana.
Tithe Pobail
Bhí roinnt mhaith de na mainistreacha a raibh cúram tréadach an phobail ina gceantar fútha fanta fós taréis an tseanadh i gCeanannas Mór. Bhí na sean tithe Pobail tréigthe le scrios na mainistreacha agus le ganntanas sagart in aimsir na bpéin dlíthe. Tógadh séipéil beaga suaracha ceann tuí ina n-áit. Cuireadh tús ag an am sin le nós na 'bhFaoisdineacha' nó 'Na Stáisiúin' mar ionaid adhartha don phobal. Thug an tArd Easpag Ó Ceallaigh le fios in 1825 do Choiste i bPáirlimint Shasana nach raibh ach ocht séipéal déag de na 107 ionaid adhartha sa deoise ag an am le ceann slinne orthu. Ceann tuí a bhí ar na cinn suaracha uile - iad ró bheag don phobal agus go fíor-mhinic bhíodh na paidreacha á gceiliúradh amuigh faoin spéir. Baineadh úsáid as na séipéil chomh maith mar ionaid oideachais ar an Domhnach agus mar ghnáth scoileanna ar laethanta eile na seachtaine.
Do réir mar a laghdaigh an ghéarleanúint agus mar a mhéadaigh uimhir sa sagart mhéadaigh féin-mhuinín astu féin sa bpobal agus tógadh tithe Pobail níos mó agus níos láidre in áit na dtithe beaga ceann tuí. Ní raibh ach péire de na tithe Pobail atá againn anois ann roimh 1800 . An Mainistir i mBéal Átha hAmhnais agus an ceann eile i mBaile an Tobair. Ón mbliain 1820 i leith a tháinig fás faoi thógáil na dtithe Pobail. Tógadh scór den 135 atá againn fós i rith blianta na bpéindlithe 1840-1850. Lean an patrún tógála ar aghaidh go dtí an lá inniú agus cé nach bhfuil an ailtireacht eaglaiseach nua-aimseartha thar mholadh beirte i ndeoise Thuama, tá na tithe Pobail céanna tógtha leis na blianta. Tá na ceithre shéipéal nua aimseartha i gCnoc Muire a tógadh ó 1972 anall . An Bhaisleac san áireamh, thar a bheith speisialta.
Oideachas
Bhí Tuaim chun deiridh go mór san naoú haois déag i gcúrsaí Bunoideachais mar gheall ar an bhfuath mór a thug an tArd Easpag, Seán Mac Éil do achtanna Oideachais na scoileanna náisiúnta. Thug sé cuireadh do Triú Ord N. Proinsias bunscoileanna a bhunú i naoi gceantar tuaithe a raibh fadhb an iompucháin iontu. Tríd is tríd ní raibh cúrsaí oideachais ins na bun-scoileanna ag an am thar mholadh beirte. Bhí an iomarca ag brath ar scoileanna páí nó ar dhaoine nó tiarnaí talún ón gceantar bíodh siad lách nó gan a bheith. Ní raibh na scoileanna faoi chúram na n-ord ach amháin ins na bailte móra. Ach bhí Tuaim go mór chun tosaigh faoi cheannródaíocht an Árd Easpaig Breathnach san 20ú haois i gcúrsaí meán-scolaíochta go mór mhór roimh 1967 nuair a chuir an Stát deontas ar fáil d'obair thógála scoileanna in oideachas dara-leibhéal agus saor thaisteal don chéad uair. Tógadh dhá choláiste dara-leibhéal agus naoi gcinn de scoileanna comhoideachais i mbailte beaga ar fud na deoise agus siad na hOird Rialta chomh maith le sagairt na deoise a bhí mar bhainisteoirí iontu. Mar thoradh ar an socrú sin fuair glúin nua iomlán de dhaoine óga buntáiste is tairbhe an oideachais dara-leibhéal agus dá bharr sin ní raibh siad alpaithe ag an mBád Bán.
Athrú san Daonra
Sa mbliain 1800 ní raibh níos mó ná céad sagart sa deoise. Tháinig méadú ar líon na sagart go 163 san mbliain 1968 in ainneoin gur thit an daonra go dtí 30% den líon daoine a bhí ann roimh an nGorta Mór. Tá titim tagtha ar an uimhir sin go 150 faoi láthair agus tá níos mó ná scór acu sin ar iasacht ó Oird na misiún. D'fhan deabhóid an phobail láidir i gcaitheamh na mblianta sin agus de réir an tsuirbhé a rinneadh i 1986 bhí 75% den phobal caitliceach nó 89% de na daoine a raibh dualgas Aifrinn orthu ag freastal ar Aifreann. Tá laghdú de 10% tagtha ar an líon sin le blianta beaga anuas. Thaispeáin suirbhé mór a rinneadh i 1996 go bhfuil an patrún de thitim sa daonáireamh ag leanacht ar aghaidh ach feictear anois go bhfuil an titim sin ag dul ar aghaidh trí imirce ón Iarthar go dtí an taobh thoir den tír agus an t-Iarthar dhá bhánú dá réir.
Ionaid Oilithreachta
Is é Cnoc Muire an tIonad Oilthireachta is mó in Éirinn ag freastal ar dhaoine ó chuile Chontae in Éirinn, as an Eoraip agus óna cúig Mhór Roinn na cruinne. Eascrann an deabhóid ón Mhaighdean Mhuire, Naomh Seosamh agus Naomh Eoin dá dtaispeáint féin I gCnoc Mhuire ar 21 Lúnasa 1879. Cuireadh an taispeánadh míorúilteach faoi mhór scrúdú eaglaiseach agus faoi fhiosrúchán cuimsitheach agus ina dhiaidh sin san mbliain 1936 sular bhásuigh an duine deireannach de na daoine a bhí i láthair ag an taispeánadh thug an dá mhór fhiosrúchán le fios go raibh an fhianaise uilig 'ionraic agus muiníneach'. Mhéadaigh líon na ndaoine a fuair leigheas ar ghalair do leigheasta i gCnoc Muire méid na n-oilithreach a thagann go Cnoc Mhuire go mór óna blianta tosaigh. Tháinig an Pápa Eoin Pól II ar oilithreacht ag an srín ar 30ú Meán Fómhair 1979. Tagann thart ar mhilliún ar turas chuig an srín chuile bhliain. Bíonn grúpaí eagraithe ag teacht idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair. Bíonn turais phríobháideacha ann beagnach chuile lá den bhliain. Bíonn na h-oilithrigh faoi chúram an míle cúntóir - maoir is banóglaigh Chnoc Muire. Tarraingíonn an Nóibhéine bliantúil ó 14 Lúnasa go 22ú Lúnasa timpeall is céad míle duine. Tá áilleacht faoi leith ag baint le clós agus séipéil na sríne agus cuidíonn sé seo go mór le paidreóireacht agus mothucháin síochána.
Tá sé i gceist ag chuile thuras cuairt a dhéanamh ar an Naomh-Shacraimint i gceann ar bith de na cúig shéipéil, turas na Croise a dhéanamh, lán an phaidrín agus cúig chinn de na deichniúir a rá ag siúl timpeall shéipéal na Sríne. Bíonn ceiliúradh an Aifrinn de ghnáth i gceart lár an turais chomh maith le ceiliúradh Shacraimint an Athmhuintearais.
Turas na Cruaiche
Tá fianaise i scríbhinn againn ag ceangal Chruach Phádraig nó 'An Chruach' mar a tugtar go ceanúil air leis an dá scór lá de throscadh a rinne Naomh Pádraig ansin. Téann an fhianaise sin chomh fada siar le cuntas an Easpaig Tírechan san seachtú haois. Tá cur síos ar thuras na Cruaiche i neart leabhar ón 13ú aois anall agus táimid cinnte go dtéann traidisiún na cruaiche chomh fada siar le míle bliain ar a laghad.
Ba scrín phágánach a bhí intí - Sliabh Aiglí ar dtús ach tá sí coisricthe ag Naomh Pádraig agus ag na hoilithrigh a bheannaigh an turas lena gcoiscéimeanna agus lena bpaidreacha i gcaitheamh na gcéadta bliain. Is ar an Domhnach deireannach de mhí Iúil a déantar an turas nó ar an Aoine roimhe - Aoine Chrom Dubh - ag pobal na háite. Faoi láthair cuirtear tús leis an turas le breacadh an lae ach bhíodh an pobal ag siúl na Cruaiche roimh 1970 sa dorchadas le bheith ar a barr le maidneachan lae le bheith ag an chéad cheann de na hAifrinntí. Bíonn turais phríobháideacha ann ar ndóigh beagnach chuile lá i rith an tSamhraidh.
Cuirtear tús leis an turas ar a taobh thoir den Chruach ag 'an stáisiún' ag leacht Bhenen - áit a shiúlann an t-oilithreach seacht n-uaire timpeall an leachta agus ansin siúlann sé ar an gcosán nó ar an bhfána géar ar a dtugtar 'An Dréimire'. Bíonn ar an oilithreach Teampall Phádraig ar mhullach na Cruaiche a thimpeallú cúig uair déag, dul timpeall chuile cheann de na trí leachtán ag 'Roilig Mhuire' seacht n-uaire agus ansin timpeallú a dhéanamh ar 'An Garraí Mhór' seacht n-uaire ar an taobh thiar den Chruach. Deirtear an oiread céanna Pater is Ave chomh maith leis an nGlóir agus Credo ag chuile Stáisiún.
Ní fheileann Turas na Cruaiche do dhuine ar bith nach bhfuil i mbarr na sláinte nó atá as a shláinte.
Turas go Mainistir Bhaile an Tobair.
Bunaíodh Mainistir Bhaile an Tobair, Co. Mhaigh Eo sa mbliain 1216 agus is é an Teach Pobail is sine in Éirinn é atá á úsáid fós. Rinneadh atógáil ar chuid den mhainistir go minic ó 1890 anall agus arís le blianta beaga anuas. Cuireadh ath-chóir ar Thochar Phádraig - an tsiúlóid de 22 míle ar an turas traidisiúnta ó Bhaile an Tobair go Cruach Phádraig - an tochar ar ar shiúil Naomh Pádraig féin do réir an tseanchais. Tá sé i gceist anois go mbeadh an duine lá amháin iomlán de na trí lá ar a oilithreacht go Baile an Tobair a chaitheamh amuigh leis féin ag athmhacnamh ar 'Oileán na hEaglaise' ar Loch Carra - an t-oileán inár cuireadh ath-chóiriú ar dhíthreabh ón ochtú haois.
Turasanna Áitiúla i nDeoise Thuama
15ú Lúnasa, Bealtaine & Deireadh Fómhair Tobar Mhuire, Baile Átha an Rí.
9ú Meitheamh Lá Fhéile Cholmcille, Lá An Tobair, An Tulach.
15ú Iúil , Oileán Mhic Dara, Cárna
An Chéad Domhnach de Lúnasa, Turas Mháméan, Conamara
Aoine Chrom Dubh, Turas áitiúil go Cruach Phádraig
20ú Lúnasa, Turas go Tobar N. Bernaird, Mainistir Chnoc Muaidhe.
I rith na bliana, Turas go Cill Ghaothmhair, Cluain Chearbáin.
Bealtaine go Deireadh Fómhair, Turas go hOileán na hEaglaise
Baile an Tobair
|